Pleanáil Cuairt

Tá dhá shlí chun blaiseadh a fháil de chultúr, litríocht agus stair an Bhlascaoid. Ag an bpointe is sia siar ar an leithinis, i nDún Chaoin agus an Blascaod Mór ar a aghaidh amach, tá Ionad an Bhlascaoid Mhóir. Tógadh an sainfhoirgneamh seo d’aon ghnó chun réimse leathan ábhar a bhaineann leis an Oileán a choimeád, mar aon le taispeántais chlosamhairc agus ghrianghrafadóireachta ar na hoileánaigh agus an saol a thug siad a chur i láthair. I gcaitheamh an tsamhraidh, is féidir cuairt a thabhairt ar an mBlascaod Mór é féin chomh maith agus cuairt a thabhairt ar an mbaile tréigthe ann. Cliceáil ar na nascanna thíos chun foghlaim faoin dá eispéireas.

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Tá Ionad an Bhlascaoid Mhóir suite i nDún Chaoin, Co. Chiarraí. Tá páirceáil, caifé, agus taispeántais léirithe a scrúdaíonn saoil na n-oileánach ar na háiseanna atá le fáil anseo. Cliceáil anseo chun eolas a fháil ar uaireanta oscailte agus táillí iontrála agus chun fáil amach faoi láithreacha oidhreachta eile sa cheantar máguaird.

“Sé an áit gur saolaíodh mise ná i mbaile beag iargúlta ag bun Sliabh an Fhiolair i nDún Chaoin, sa bhaile sin go bhfuil Tigh Mhóire ann. Ní hansan a phós m’athair is mo mháthair ach i bParóiste Fionntrá mar ar mhaireadar tamall sarar aistríodar go Dún Chaoin.”

– Peig Sayers, Peig (1936).

An Blascaod Mór

Tá fothracha an tseanbhaile tréigthe agus nithe spéisiúla eile fós le feiceáil ar an mBlascaod Mór, agus is álainn agus is neamhfhorbartha an tírdhreach istigh ann. Cliceáil anseo chun eolas a fháil ar bháid farantóireachta, ar thurais an oileáin, agus ar fhógraí tábhachtacha maidir le sláinte agus sábháilteacht.

“Thugas tamall deas ansan ag breithniú uaim agus ag éisteacht le glór na n-éan, liú na róinte, agus fuaim na dtonn, agus ansan do thugas m’aghaidh suas arís fé sna Bearna, an cnocán is aoirde ins an oileán, rabháin bhoga fém chosa agus radharc fairsing scópúil tharm ó dheas ar Uíbh Ráthach agus ar na Sceilgí, mar a neadaíonn an gainéad, agus as san soir ar Bhá an Daingin agus ar Cheann Chiarraí.”

– Muiris Ó Súilleabháin, Fiche Blian ag Fás (1933).

Féach ar íomhánna den Ionad sa Ghailearaí ar líne.