Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Uaireanta Oscailte

Tá an tIonad ar oscailt ón 10 Márta – 7 Samhanin, 10:00 – 18:00

Cead isteach deireanach 45 nóiméad roimh am dúnta.

Oscailte le haghaidh áirithintí i rith an gheimhridh; bí i dteagmháil linn.

Taisteal

Seiceáil suíomh idirlín Local Link Kerry d’eolas taistil suas chun dáta. Tá páirceáil ar fáil ar an láthair.

Áiseanna

Tá siopa leabhar ar an láthair, chomh maith le músaem agus áiseanna cartlainne, seomraí ceardlainne agus teanga. Tá bialann – ‘An tIascaire’ – ar an láthair agus seirbhís wifi saor in aisce le fáil ann. Is féidir rochtain iomlán a chur ar fáil do chathaoireacha rothaí.

Tá an tIonad ar fáil d’ócáidí chomh maith, searmanais phósta, comhdhálacha, agus imeachtaí sa phobal áitiúil san áireamh. Tá eolas sa bhreis le fáil air seo ach dul i dteagmháil linn.

Tá lán-rochtain ar an Ionad dóibh siúd i gcathaoireacha rotha, maraon le spásanna páirceála agus leithris ar leith dóibh siúd le riachtanais speisialta.

Suíomh

Tá an tIonad suite ag an bpointe is sia siar ar leithinis Chorca Dhuibhne, 16km ón nDaingean (ar an R559).

Comhlachtaí Taistil

Glacann Ionad an Bhlascaoid Mhóir le dearbháin ó chomhlachtaí ar liosta na gcomhlachtaí faofa. Tá eolas sa bhreis le fáil ach dul i dteagmháil le hOifig na nOibreacha Poiblí ag:

Seirbhísí Cuairteoirí, OOP, 20 Páirc Miondíolaíochta Cois Locha, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo, F12 DK30.
Guthán: +353 46  942 313
Rphost: touropsaccounts@opw.ie

Turais Threoraithe

Is féidir turas treoraithe den Ionad a dhéanamh a thógann timpeall uair an chloig. Tá uasmhéid de dhaichead duine ceadaithe i ngach grúpa.

Cuairt

Uair an chloig go leith ar an meán a mhaireann cuairt ar an Ionad. Maireann na turais threoraithe ar an bhfoirgneamh tuairim is uair an chloig.

Grianghraif / Fístéipeanna

Tá cead grianghraif agus físeáin araon a ghlacadh.

Cead Isteach

Praghas na dticéad don Ionad mar a leanas:

Duine fásta (€5), Seanóir/Grúpa (€4), Páiste/Mac léinn (€3), Teaghlach (€13). Níl aon chostas ar leanaí faoi bhun 8 mbliana.

Tá cead isteach saor in aisce acu siúd le Cárta Oidhreachta. Tá cead isteach saor in aisce ag grúpaí scoile chomh maith.

Íoslódáil

Leabhrán beag eolais don Ionad.

Íoslódáil

Treoirleabhar d’Ionad an Bhlascaoid Mhóir.

Sa Cheantar Freisin

Músaem Chorca Dhuibhne

Fad: 8km.

Tá léiriú sa mhúsaem seo ar stair, seandálaíocht, agus oidhreacht Chiarraí Thiar, agus tá píosaí tábhachtacha ar iasacht ann ó Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann. Uaireanta oscailte séasúracha amháin – féach an suíomh idirlín maidir le heolas sa bhreis.

Clocháin Fhána

Fad: 8.7km.

Tá iomrá ar an mbailiúchán ársa seo de chlocháin cloiche ar fud na hÉireann. Tá tigín ó aimsir an Ghorta in aice láimhe chomh maith.

Sáipéilín Ghallarais

Fad: 12.5km.

Suite in aice le Caisleán Ghallarais, tá an séipéilín tógtha go hiomlán as cloch agus é mar a bheadh bád atá iompaithe síos suas. Láithreán seandálaíochta fíorthábhachtach is ea an séipéilín agus an láthair ina thimpeall.

Séipéal Chill Maoilchéadair

Fad: 15.5km.

Tá an séipéal, a tógadh sa dara haois déag, suite i lár an láithreáin seandálaíochta deich n-acra seo. Ceaptar gurbh é Naomh Maoilchéadair a bhunaigh an chill ach tá ceangal staire idir an séipéal agus Naomh Breandán chomh maith.

Dún Chaoin

Paróiste Gaeltachta i gCorca Dhuibhne, Ciarraí Thiar, is ea Dún Chaoin. Tá siúlóidí, bealaí rothaíochta, agus camchuairteanna tiomána áille, pictiúrtha le fáil timpeall an pharóiste agus timpeall ar Cheann Sléibhe go háirithe. Tá cáil na haillte maorga agus an chósta ghleoite imithe i bhfad is i gcéin. Tá tigh tábhairne agus caifé sa chomharsanacht, mar aon le lóistíní leaba is bricfeasta don té ar mian leis fanacht níos faide sa cheantar.

Níl Dún Chaoin ach deich nóiméad ó Bhaile an Fheirtéaraigh, sráidbhaile áitiúil eile a mheallann go leor cuairteoirí, agus fiche a cúig nóiméad ó bhaile an Daingin, baile mór ina bhfuil go leor le feiceáil agus gach áis le fáil. Léigh a thuilleadh faoi Dhún Chaoin ar shuíomh idirlín Go Kerry.

Is féidir leat léamh faoi stair an Oileáin sula dtugann tú cuairt ar an Ionad.