Taispeántais

Scrollaigh síos an leathanach seo chun léamh faoi thaispeántais a cuireadh ar bun anseo.

Fairscin Inise

2013

Mám as bailiúchán grianghraf Chartlann Ionaid an Bhlascaoid a bhí le feiceáil sa taispeántas sealadach seo a tiomsaíodh mar chuid den chomóradh fiche bliain ar oscailt an Ionaid. Bailiúchán sainiúil agus údarásach de ghrianghraif an Bhlascaoid atá i gceist, cuid acu nár cuireadh os comhair an phobail go dtí seo. Is taibhseach an bailiúchán d’íomhánna corraitheacha é agus is taifead é chomh maith ar phobal atá imithe, taobh amuigh den dornán beag a mhaireann fós.

Íoslódáil bróisiúr an taispeántais anseo.

Fiagaí na gCeann Gaelach: Na hAlbaim Grianghraf le Charles R. Browne

3 Bealtaine 2012 – 23 Meitheamh 2012

Bhí taispeántas ‘Fiagaí na gCeann Gaelach’ ar cheann de na cartlanna fótagrafaíochta ba thábhachtaí a tháinig os comhair an tsaoil le blianta fada. Bhí sé bunaithe ar ghrianghraif a bhailigh Charles R. Browne (1867-1931), dochtúir agus antraipeolaí ó Baile Átha Cliath a rinne suirbhéanna ar phobail sna bólaí ab iargúlta in Éirinn idir 1891 agus 1900. Cuireadh na grianghraif i gcoimeád i sraith albam, sé cinn acu atá fós slán agus atá i dtaisce i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Cuireadh iad ar taispeáint don chéad uair riamh le caoinchead Bhord Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Seasann cartlann Browne ar a bhonnaibh féin maidir leis an tslí a léiríonn sé an saol in iarthar na hÉireann sna 1890daí. Is é an difríocht atá idir iad seo agus grianghraif eile a tógadh ag an am céanna ná an tslí chórasach inar dhein Browne a chuid ábhar a thaifeadadh, iad ar fad mar pháirt de na modheolaíochtaí antraipeaiméadracha agus eiteagrafacha a úsáideadh sna suirbhéanna. Ina measc siúd atá sna grianghraif tá Myles Joyce, máistir scoile Inis Bó Fine, lena iníon (níor breacadh a hainm); Seán ‘An Common Noun’ Ó Dálaigh agus na leanaí scoile ar fad i mBaile Bhiocáire, Dún Chaoin; na grianghraif is luaithe de phobal an Bhlascaoid Mhóir; ríthe Inis Gé Thuaidh agus Inis Airc; Edward O’Malley ó Oileán Chliara; Michael Conneelly ó Árann; fir agus mná Charna, Gharumna, Leitir Mealláin agus Mhaínse; gearrchailí Oileáin Chliara; sclábhaithe feirme agus tógálaithe bóthair in Iorras. Tá ainmniú na ndaoine ar cheann de na gnéithe is spéisiúla d’albaim Browne. Níor ainmníodh cuid mhaith de na daoine ach bhí Dáithí de Mórdha in ann Peats Mhicí Ó Catháin, Rí an Bhlascaoid agus é ina óige, agus An tOileánch, Tomás Ó Criomhthain, a aithint, mar shampla. Is dócha go mbeidh a thuilleadh daoine in ann a gcuid sin-sin-sean-thuismitheoirí a aithint i rith an taispeántais. Táthar ag súil go mbeifear in ann na hainmneacha seo a chur le sonraí na mbun-ghrianghraf sa leabharlann go buan.

Íoslódáil bróisiúr an taispeántais anseo. Léigh alt ar an taispeántas ón Irish Examiner anseo.

B’fhéidir go mbeadh spéis agat míreanna ón mbailiúchán buan a fheiceáil.